Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Mí na Samhna agus Mí na Nollag i seomra na naíonán

Bhí mí den scoth againn inár sochaí bheag i mí na Samhna. D’fhoghlaimear faoi phatrún sa mhata. D’éirigh linn patrúin a chruthú lenár mbéireanna beaga agus fiú lenár gcoirp féin:

IMG_0344 (Medium) IMG_0343 (Medium) IMG_0341 (Medium)

An bhféadfá an patrún a aithint?
An bhféadfá an patrún a aithint?

IMG_0349 (Medium) IMG_0348 (Medium)

Thosaíomar ag foghlaim faoi suimiú sa mhata freisin agus ar ndóigh, chabhraigh ár mbeireanna linn ansin arís:

IMG_0405 (Medium) IMG_0403 (Medium) IMG_0397 (Medium)

Tá 0 agus 1 le chéile cothrom le 1.
Tá 0 agus 1 le chéile cothrom le 1.

D’oibríomar as lámh a chéile chun meáchan neart rudaí éagsúla a fhiosrú. Táimid ag feabhsú gach lá lenár gcuid comhoibrithe:

'Ní neart go cur le chéile.'
‘Ní neart go cur le chéile.’

 

IMG_0451 (Medium)

STOP! IMIGH LEAT! ABAIR!

Bhí seachtain frith-bhulaíochta againn i Mí na Samhna. Chaitheamar go leor ama sna ceachtanna ‘Oideachas Sóisialta Pearsanta agus Sláintiúil’ (OSPS) ag déanamh ról-imirtí linn féin agus le puipéadaí. Tuigimid anois gur féidir linn ‘stop, imigh leat’ a rá nuair nach bhfuilimid compórdach:

IMG_0437 (Medium) IMG_0436

D’fhoghlaimear faoin tábhacht a bhaineann le bheith ag roinnt lena chéile agus conas imirt le liathróid ar bhealach taitneamhach:

IMG_0353 (Medium)

‘Níl aon tinteán mar do thinteán féin’

D’fhoghlaimear faoi na seomraí ar fad sa teach sa Ghaeilge agus tá dán ar eolas de ghlan mheabhair againn faoin teach anois. Bhí cúpla duine breá sásta an dán agus na geáitsí a dhéanamh don rang:

Is mise an múinteoir anois!
Is mise an múinteoir anois!
Féach ar mo thig - nach deas é!
Féach ar mo thig – nach deas é!

Mar gheall gur fhoglaimear faoi thithe sa Ghaeilge, chruthaíomar ár dtithe cré féin agus phéinteáileamar iad sna ceachtanna ealaíona:

IMG_0433 (Medium)

Lámha salacha!
Lámha salacha!

IMG_0424 (Medium) IMG_0420 (Medium) IMG_0418 (Medium) IMG_0417 (Medium) IMG_0414 (Medium)

Táimid uathúil agus cruthaitheach.
Táimid uathúil agus cruthaitheach.

Tá seachtain amháin caite againn i mí na Nollag agus tá tús álainn déanta againn. Chruthaíomar crainn Nollag le fabraic agus snáithín agus táimid chun na cúlraí a phéinteáil an tseachtain seo:

IMG_0486 (Medium) IMG_0485 (Medium) IMG_0487 (Medium)

Mhaisíomar comharthaí le fabraic do na fuinneoga sa seomra ranga chun Nollaig Shona a rá do gach duine:

IMG_0494 (Medium)

IMG_0499 (Medium)

 

Beidh go leor ar siúl againn sa choicís amach romhainn roimh saoire na Nollag. Fan go bhfeicfidh sibh! Slán go fóillín.

%d bloggers like this: