Bhí mí álainn againn i seomra na naíonán. Bhí go leor béime ar an tábhacht a bhaineann le bheith ag roinnt le chéile agus le bheith ag oibriú as lámh a chéile an mhí seo. Chabhraigh na naíonáin go mór lena chéile:

- Ag gléasadh suas agus ag spraoi le chéile.
Rinneamar ár méarloirg féin le dúch agus chuireamar iad ar ár n-ainmneacha féin:

D’fhoghlaimear faoi mhothúcháin i nGaeilge agus in OSPS. D’fhoghlaimear freisin faoin ealaíontóir Andy Warhol agus léiríomar mothúcháin éagsúla le spreagadh óna chuid ealaíona. Tá siad le feiceáil anseo timpeall an chrainn ranga. Tá ár n-ainmneacha lenár méarloirg ar an gcrann freisin:

D’fhoglaimear faoin difríocht idir an lá agus an oíche in OSIE agus faoi scáthanna freisin. Bhí spraoi againn ag tarraingt ár scáthanna féin sa dorchadas:

Bhí seachtain na matamaitice taitneamhach agus dúshlánach:
D’imríomhar cluichí spreagtha ó Oíche Shamhna:


D’fhoglaimear go leor fuaimeanna nua. Scríobhamar iad, chuireamar iad sa ghaineamh agus rianaíomar iad ar ár ndroma:

Ar ndóigh, rinnemar go leor cleachtaidh do Sheó na Samhna a bheidh ar siúl anocht. Táimid ag súil go mór leis. Bhí mí dheas againn le chéile agus táimid ag súil go mór le neart eachtraí úra an mhí seo chugainn:

- Seachtain na matamaitice.




5 thoughts on “Mí Dheireadh Fómhair i seomra na naíonán”
Thar cionn!! Tá a lán oibre iontach déanta agaibh….
ah sin comh cuite ahhhhhhhh
Ana maith tá fhios agam a bhí an spraoí agaibh 🙂
Bhí sé an spraoí :)Bhí mé an duinne a fuir an úll 🙂 🙂 Is maith loim
mata :))
Go maith