2013/2014
Bhí na páistí an-gnóthach ag iarraidh cruthanna a eagrú chun cruth eile a dhéanamh as. Bhain siad an sult as. Bhí siad ag obair i mbeirteanna. D’éirigh go hiontach leo .
Tá go leor Mata ar siúl againn an tseachtain seo le haghaidh ár seachtain mhatamaitice. Feicfidh sibh anseo thíos an obair iontach a rinne muid inniu. Chuir muid an líon ceart pionnaí os cionn na huimhreacha áirithe. Ar dtús, fuair muid na pionnaí, na cláracha agus na huimhirlínte. […]
Bhí na páistí ag foghlaim futhú fhéin le gairid. Bhí siad ag plé na difríochtaí agus na cosúlachtaí atá idir iad. Phlé siad céard a theastaíonn uathu chun fás agus phlé siad an chlann chomh maith. Mar sin le linn an rang ealaíne tharraing siad pictiúr dóibh fhéin. Bhain siad […]
An tseachtain seo rinne na páistí neart staidéar ar fhocail i mBéarla. Bhí siad an -gnóthach ag glacadh páirt i ngníomhaíochtaí éisteachta agus deachtú. Breathnaigh thíos go bhfeicfidh tú cén chaoi ar éirigh leo leis na tascanna éisteachta.
An tseachtain seo bhí na páistí an-gnóthach leis an litriú Gaeilge. Bhí siad ag cumadh abairtí bunaithe ar an litriú a bhí acu don tseachtain. Chomh maith leis sin ghlac siad páirt i gníomhaíochtaí deachtú.
D’úsáid muid taos súgartha chun “C” a dhéanamh. Ansin rinne muid cruthanna éagsúla do rudaí a thosnaíonn le “C”, cosúil le cáca, coinneal agus Connor agus Cian dar ndóigh!
Ar dtús, bhí orainn páipéar a dathú le criáin! Bhí orainn é a dhéanamh go trom! Ansin chlúdaigh muid iad le péint dubh. D’fhág muid iad thar oíche le triomú agus inniu, rinne muid ealaín scrafa ag úsáid ár ingne, maidí líreacáin agus cipíní. Rinne muid pictiúir éagsúla. […]