2013/2014
Bhí mí iontach spéisiúil ag ár ndaltaí nua i seomra na naíonán. Bíonn muid ag spraoi le chéile agus ag foghlaim ag an am céanna: Bhíomar ag sórtáil rudaí éagsúla. D’oibríomar i ngrúpaí chun é seo a dhéanamh: Nuair a bhíonn duine éigin as láthair, suíonn ‘Teidí Beag Gorm’ […]
Bhíomar ag féachaint ar phictiúr le Vincent Van Gogh inniu. Bhíomar ag plé na dathanna a d’úsáid sé. Ansin bhí orainn féin pictiúr a dhathú isteach. Chonaic go leor againn an pictiúr seo ar chlár teilifíse cheana féin.
An tseachtain seo chuir muid tús leis an seanrá Athchomhaireamh. Rinne na páistí cleachtadh ar an chaoi fráma scríbhneoireachta a úsáid ar dtús agus ansin thug siad faoi an scéal a chur le chéile. Seo cuplá pictiúr don chéad dréacht, cuirfidh muid na píosaí criochnaithe suas an tseachtain seo chugainn. […]
Seo hiad na páistí ag cleachtadh a gcuid scileanna iománaíochta. Tá siad ar fad ag déanamh sár-iarracht. Maith sibh.
Tá muid ag foghlaim faoi uimhir a sé faoi láthair san rang. Bhain muid úsáid as rudaí difrúla chun uimhir a sé a scríobh.
D’imir muid cluiche nua inniu ag am gaeilge. Bhí orainn eireaball an asail a fháil agus é a chur ar ais air. Bhí amhrán beag againn le dul leis an gcluiche freisin.
Bhí muid ag suimiú uimhreacha le chéile an tseachtain seo. D’imir muid cluiche ar an ríomhaire agus rinne muid cluichí i ngrúpaí.
Tá Rang 4 + 5 an-sásta inniu! Shocraigh na páistí teachtaireacht Twitter a scríobh chuig Dara Ó Briain faoin micreascóp a rinne muid i rith na seachtaine (clic anseo leis sin a fheiceáil), le cuntas Twitter na scoile. Tá os cionn milliún go leith leantóirí twitter aige – Mar sin, bhí […]