Bhí mí iontach spéisiúil ag ár ndaltaí nua i seomra na naíonán. Bíonn muid ag spraoi le chéile agus ag foghlaim ag an am céanna:


Bhíomar ag sórtáil rudaí éagsúla. D’oibríomar i ngrúpaí chun é seo a dhéanamh:


Nuair a bhíonn duine éigin as láthair, suíonn ‘Teidí Beag Gorm’ ina (h)áit. Nuair a thagann sé/sí ar ais ar scoil, insíonn Teidí Beag Gorm dó/di céard a tharla ar scoil:


Tá ár gcrann ranga féin againn. D’úsáideamar criáin chun rian duilleog a chruthú:

Mar gheall gur an Fómhar atá ann faoi láthair, mhaisigh na daltaí a ngráinneoga féin ag baint úsáide as colláis:

Beidh duilleoga glasa ar an gcrann ranga ag cabhrú linn comhaireamh amach anseo – fan go bhfeicfidh tú! Go dtí sin, tá ár ndineasáir uimhriúla ag cabhrú linn lenár gcomhaireamh gach uile lá:

D’fhoghlaimear na focail ‘buachaill’ agus ‘cailín.’ Bhí na cailíní agus buachaillí ar bís faoi seo!


Tá go leor ar siúl againn i mí Dheireadh Fómhair cheana féin – beidh tuilleadh le feiceáil ar bhlag na scoile go luath.