2013/2014
Ghearr muid amach pictiúir éagsúla agus bhí orainn iad a chuir sa tacair ceart! Bhí muid iontach sásta leis na torthaí! Ansin sórtáil muid na breagáin ar fad! Thaithin sé linn ag obair i mbeirteanna freisin 🙂
An tseachtain seo sa Ghaeilge, bhi na páistí an-gnóthach ag léamh. Bhí siad ag imirt cluichí cuimhne leis na radharc fhocail, bhí siad ag cuir abairtí le chéile. Bhí sár-obair ar siúl acu.
D’oibrigh Rang a hAon go dian ar an Mata i rith na seachtaine. Bhí siad ag obair leis na cláracha bána agus na ciúbanna. Bhain siad an-taitneamh as an obair. Maith sibh ar fad!
Phéintáil muid bogha báistí san rang. Bhí orainn dathanna a mheascadh le chéile chun dathanna eile a fháil.
An tseachtain seo táimid ag foghlaim faoi ár gcéadfaí agus an chaoi go n-oibríonn siad. Inniu líon muid isteach bileog oibre ag plé céard iad na rudaí a bhí cloiste agus feicthe againn. Chomh maith leis sin phlé muid na rudaí atá blasta agus na rudaí go bhfuil boladh deas […]