Rinne muid turgnamh san rang an tseachtain seo caite. Bhíomar ag iarraidh fáil ag amach cén dath is mó a tharnaíonn an ghrian. Chuir muid an méid céanna uisce i dtrí chrúsca agus ansin chlúdaigh muid ceann le páipéar bán, ceann le páipéar dubh agus ceann le páipéar buí. D’fhág muid ar leic na fuinneoige iad thar an deireadh seachataine. Nuair a bhain muid an páipéar bhí níos mó uisce imithe ón gcrúsca a bhí clúdaigh le páipéar dubh. Tarnaíonn dath dubh níos mó gréine ná aon dath eile!