An Déardaoin seo beidh na hardranganna ag triall ar Bhaile Átha Cliath.
Tabharfaidh siad cuairt ar Thaipeántas na n-Eolaí Óg.
Beidh siad ag bualadh isteach ar an Gurdbhara Náisiúnta freisin. Is teampall é do phobal Saícigh na hÉireann.
Chomh maith le sin beidh muid ag dul chomh fada leis an Dánlann Náisiúnta i lár na cathrach chun pictiúir Jack Yeats a fheiceáil. Ba duine de na healaíontóirí is mó in Éirinn é agus dhear sé go leor pictiúir don Ardeaglais i mBaile Locha Riach.





6 thoughts on “Rang a 5 agus Rang a 6 ag bualadh an bhóthair!!”
Ta an t-ádh le rang a 5 + 6!
Na rudaí a maith liom i mBaile Átha Cliatha;
An éolaí óga san RDS.
An Gurdwara nuair a taispeán siad pictiurí ar an mballa.
An Dánlann Naisiúnta agus na ealaíon isteach ann.
An tuarais ar an mbus.
An bia i Burger King.
Ó Rebekah is Caitlin.
An Gurdbhara
Chuaigh muid go dtí an Gurdbhara chun fhaill amach céard a dhéanan na saícaí. Ar dtús fhoghlaim muid faoi Gúrúnanak dfhoghlaim muid an fá a caithean siad an turban ná chun coinneal a gruaig sáibhailte. Tar éis e sin thug siad bia dún bhí se an dheas.
Na rudaí a bhí gur mhaith ar an tuarais scoile ná an BT eolaí óga a bhí in san RDS mar bhí rudaí an-suimiúla ann agus an bia san gurdbhara agus an bia i Burger King freisin. Bhí an Dánlann Naisiúnta an-mhaith agus bhí an ealaíon go hálainn. Bhí an turais san mbus an-spraoiúl agus bhain muid an-taitneamh as.
Dánlann Náisiúnta na hÉireann.
Chuaigh rang a cúig agus rang a sé go dtí Dánlann Náisiúnta na hÉireann. Chonaic muid pictiúir ó Jack B. Yeats agus Pablo Picasso. Thaitin an pictiúir ó Jack B Yeats go mór liom. Ceapaim gur capaill a bhí ann. Chuaigh muid go dtí an siopa sa Dánlann. Bhí gach rud an-daor. Bhí tú in ann pictiúir a cheannach chómh maith le leabhar le pictiúir ó ealaíontóirí cáilúla. Bhain muid an-thaitneamh as.
Tuaraisc faoin turas.
Bhí rang a cúig agus a sé ag an taispeántas Eolaí Óga BT. Bhain muid an-taitneamh as. Bhí a lán rudaí suimúla ann. Chonaic muid a lán taispeántais difriúla. Bhí an tUachtarán Micheal D agus Ryan Tubridy ansin chomh maith. Bhí an-chraic go deo againn.