Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Méadair Báistí

Bhí neart aimsir neamhshocair againn i mbliana gan dabht. Níos luaithe sa bhliain, d’fhoghlaimíomar conas cur síos níos saibhre a dhéanamh ar an mbáisteach; an bhfuil sé ag cur báistí nó ag brádán nó ag stealladh báistí?? Ansin, d’fhiafraigh mé den rang cén chaoi gurbh fhéidir leo fáil amach cé mhéad báistí atá ag titim gach lá/seachtain inár gceantar féin? Cinnte, bheadh sé ródheacair súil a choinneáil uirthi an t-am ar fad. D’iarr mé orthu méadar báistí a dhearadh a bhaineadh úsáid as buidéal plaisteach. Phléamar na dúshláin agus chum siad a réitigh féin. Seo roinnt samplaí díobh:

Ba iad na fadhbanna is mó a bhí againn ná conas an buidéal a choinneáil sochair agus ingearach in aghaidh na gaoithe, agus conas an t-uisce sna méadair a stopadh ag éalú trí ghálú. Bhí neart ábhar pléite ach sa deireadh, bheartaíomar ar bhraoinín beag ola glasraí a úsáid mar bhacainn don ghálú agus ceangal cábla a úsáid le haghaidh na méadar a choinneáil sochair. Cuir mé i ngrúpaí beaga iad agus thosaigh siad ag obair ar a méadair féin:

Roghnaíomar áit oiriúnach ar shuíomh na scoile agus lonnaigh siad a méadair:

D’fhilleamar orthu cúpla uair thar na seachtainí ansin agus d’fhoghlaimíomar go dtógann sé neart báistí chun airde 1cm a líonadh! Ar an drochuair, chuir na stoirmeacha minice isteach go mór ar an obair seo agus thit roinnt mhaith de na méadair! Ar a laghad, fuaireamar eolas cruinn ó chúpla méadar sa deireadh:

Bhí sé ar intinn agam turgnamh nua a thosú leo i ndiaidh na Cásca agus blocghraif a dhéanamh den méid báistí a thit thar roinnt seachtainí, ach beidh orainn fanacht go fóill le feiceáil!

%d bloggers like this: