An tseachtain seo rinne muid staidéar ar Díbhéalaí. D’fhoghlaim muid go bhfuil go leor déithe acu, is go bhfuil bandéithe acu chomh maith. D’fhoghlaim muid go bhfuil cuma an duine ar roinnt dóibh agus go bhfuil cuma ainmhithe ar an chuid eile dóibh. D’éist agus léigh muid an scéal “Rama agus Sita”. […]
2012/2013
Tá Raidió Riabhach ar ais, agus tógann páistí Rang 5 agus 6 sibh ar thuras timpeall na scoile in 8 nóiméad! Éistigí leis na hagallaimh agus na sceitsí seo a scríobh na páistí iad féin, agus ansin triail na ceisteanna faoin bpíosa a fhreagairt! [media id=27 height=20] Ceisteanna: 1. Ainmnigh […]
Tá muid ag foghlaim faoi na Normannaigh in R5 agus 6. D’úsáid muid ár scileanna cniotála chun cóta “Máille na Lúb” (Chain-Mail) a thabhairt do Norm, ár Ridire Normannach!
An tseachtain seo d’fhoghlaim Rang 5 agus 6 cén chaoi cniotáil láimhe a dhéanamh – thaitin sé go mór linn! Tar éis cúpla iarracht bhí gach duine sa rang ábalta é a dhéanamh. Féach ar na píosaí a rinne muid – tá roinnt acu an-fhada!
Newspaper review: Seó Samhna. 26/10/12 Last night the pupils of Gaelscoil Riabhach performed their superb yearly “Seó Samhna” at a buzzing Temperance Hall in Loughrea. All the classes took part in a variety of well choreographed acts which included song, poetry, dance and drama. The children had been practicing for […]
An tseachtain seo rinne muid an-chuid mata don t-Seachtain Mata. Bhain na páistí sult as an tseachtain. Shocraigh muid go ndéanfadh muid hataí mata don Aoine. Rinne roinnt páistí a gcuid hataí féin sa bhaile agus rinne roinnt eile iad ar scoil.
Is breá linn Cluiche an Rí a imirt le chéile! Tá an-scil ag na páistí agus bíonn fáilte roimh gach duine a bheith ag imirt. Breathnaigh ar an bhfíseán! [media id=25]
An tseachtain seo d’fhoghlaim muid faoi ár gcnámha. D’fhoghlaim muid go raibh 206 cnámh againn in ár gcorp. Bhí ar na páistí an chreatlach a bhí ina phíosaí a chur ar ais le chéile. An bhfuil éinne in ann smaoineamh ar céard í an cnámh is fuaide sa chorp?
Tá Rang 2 ag obair go dian na laethanta seo. Tá siad ag cur abairtí le chéile agus tá siad ag cabhrú lena chéile iad a léamh.