2012/2013
Bhí na páistí i Rang a 2&3 ag foghlaim mar gheall ar leá agus reo san Eolaíocht. Bhaineamar triail as seacláid a leá sa rang inniu. Rinne muid nasc leis an mata freisin agus muid a ndéanamh. Bhí na borróga go hálainn!
Tháinig cuairteoirí speisialta chugainn inniu chun labhairt linn faoin gcreideamh Saíceach, ar a bhfuil muid ag déanamh staidéar an mhí seo i gCroí na Scoile. Labhair siad faoi na nósanna agus traidisiúin atá acu agus thaispeáin siad kirpan agus kanga (cíor gruaige) dúinn. Thaispeáin siad an t-éadach mór a úsáidtear […]
Chuaigh R5 agus 6 go dtí an Halla Temperance inniu chun cluichí eitpheile a imirt. Bhí ceithre fhoireann againn agus ghlac chuile dhuine páirt. D’imir muid cluichí in aghaidh scoláirí ó Scoil Dhún Doighre. Bhí ar a laghad ceithre chluiche ag gach foireann agus bhain muid an-spraoi as! Tháinig scoláirí […]
An tseachtain seo tá muid ag breathnú ar obair an ealaíontóir Matisse agus foghlaim faoi cén chaoi gur chaith sé a shaol. Rinne na páistí a gcuid píosaí féin a dhearadh.
Inniu bhí an-spóirt ag na páistí le knex. Bhí Rachel linn agus rinne sí taispeántas beag dúinn. Ansin bhí deis ag na páistí a gcuid féin a thógáil. Féach ar cén chaoi ar éirigh leis na páistí. Bhain siad an méid sin taitneamh as an tráthnóna. .
Bhí Seachtain Eolaíochta ar siúl agus rinne muid staidéar ar an éiclips gréine a tharla san Astráil i rith na seachtaine. Bhreathnaigh muid ar ar an gclár bán leis an mbogearraí “Stellarium”. Freisin, bhí muid ag foghlaim faoi leictreachas. Rinne muid ciorcaid chun soilse a lasadh agus motar a chur […]