Is breá linn ár scileanna labhartha Gaeilge a fheabhsú le cluichí teanga. Bhí an-am againn ag imirt ‘tomhais cé mé’ i mbeirteanna:
Gaelbhratach
Ar an Aoine seo caite, rinne rang a trí (agus cúigear as rang a haon) neart staidiúr i mbeirteanna sa cheacht ióga. Chabhraigh sé seo linn comhoibriú lena chéile agus tacaíocht a thabhairt dá chéile:
Chuaigh rang a 3 chuig an bpáirc ar an Aoine. Bhí picnic dheas againn agus bhí an-am againn ag súgradh sa pháirc spraoi. Thuill rang a 3 é seo mar gheall ar an iarracht mhór a rinne siad leis an nGaeilge le tamall anuas. Maith sibh rang a 3. Gaeilge […]
Tháinig beirt iar-scoláirí chun labhairt linn maidir le cursaí eolaíochta agus a gcuid tograí don comórtas Channelle. Bhí an beirt acu roghnaithe don gearr liosta i mbliana. D’fhoghlaimid go leor maidir le bia madraí agus comh dáiríre is atá fadhbanna málaí scoile troime. Bhí neart ceisteanna ag na gasúir maidir […]
Bhí an-seachtain againn anseo i nGaelscoil Riabhach agus d’éirigh thar cionn le hAíonna Aibreáin i mbliana. Eagraíonn an coiste gaelbhrataí Aíonna Aibreáin gach bliain i nGaelscoil Riabhach chun an teanga a cheiliúradh agus tá sé ag dul ó neart go neart. Bíonn seans ag daltaí na scoile buaileadh le daoine […]
Tháinig Clodagh Thorisson ar cuairt chuig Gaelscoil Riabhach inniu mar chuid d’Aíonna Aibreáin (eagraithe ag an gcoiste gaelbhrataí). Is saineolaí cothúcháin í Clodagh. Bhí rang a 3 an-tógtha léi. Labhair Clodagh faoi bhia folláin agus faoi bhia mí-fholláin. Labhair sí faoin gcóras díleá agus an méid a tharlaíonn don bhia […]
Gach bhliain, eagraíonn an coiste gaelbhrataí ‘Aíonna Aibreáin.’ Tagann cuairteoirí a bhfuil Gaeilge acu ar cuairt chun na scoile agus labhraíonn siad faoina bpoist, a gcaitheamh aimsirí, a spéiseanna agus ar ndóigh, a gcaidrimh leis an nGaeilge. Tháinig Micheál Ó Ciaraidh ar cuairt chugainn inniu agus nach orainn a bhí […]
Nuair a bhí muid ag foghlaim faoi Florence Nightingale sa ceacht staire tháinig Rita Uí Mhuineacháin (máthair Aoibhe) isteach chugainn chun saol altra sa lá atá inniu ann a phlé. Thaispeán sí dúinn an bealach cheart chun ár lámha a nigh – ba cheart go dtógfaidh sé idir 30 soic […]
Ar an Aoine bhí cóisir píotsa againn mar gheall go bhfuil na tógálaithe tar éis tosnú ag obair ar ár SCOIL NUA. Tá muid ag siúl go mór lenár scoil nua. Théis an cóisir a bheith againn chuaigh muid amach ar an gclós le Rang a 4 agus bhí […]
Bhí an-lá ag naíonáin bheaga inniu! Chuamar ar cuairt go Rang 5 & 6 chun seó puipéad a fheiceáil. Thaitin sé go mór linn! Ansin bhí cóisir píotsa againn chun an scoil nua a cheiliúradh!