Gaelbhratach
Is breá le rang a hAon bheith ag imirt cluichí lena chéile agus ag foghlaim Gaeilge ag an am céanna!
Tá muid ag baint an-taitneamh as Seachtain na Gaeilge i mbliana. Inné chuaigh Rang 2 ar cuairt ar Rang 1 agus bhaineamar an spórt as ceisteanna a freagrairt le chéile.
D’fhoghlaim rang a trí go leor faoi chairdeas agus frithbhulaíocht le déanaí. Ar ndóigh, tuigimid gur maith an rud é ár dtuairimí a phlé lena chéile, fiú muna aontaímid lena chéile an t-am ar fad! Mar sin, bhí díospóireacht siúlóide againn maidir le gnéithe den bhulaíocht agus den chairdeas. Ina […]
Chumamar ár gcluichí féin le déanaí. Bhaineamar an-taitneamh as an gceann seo. Bhí orainn oibriú le chéile chun focail nó litreacha a chruthú lenár gcoirp. Meastú an mbeidh tú in ann iad a oibriú amach ó na grianghraif seo thíos?
Inniu bhí muid ag bácáil i seomra Naíonáin Bheaga! Rinne muid Hátaí Leamhacháin/ Marshmallow hats. Bhí siad chomh blasta….Yum Yum!!
Bhí an-áthas orainn i rang a 3 nuair a bhí an ghrian ag taitneamh agus bhí Corn Mhic Cárthaigh inár measc! Gaillimh Abú!:
Bhí an-lá ag rang a trí inné. Chuireamar seó tallainne i láthair agus tháinig naíonáin mhóra chugainn chun féachaint air. Fuaireamar spreagadh ó chlár teilifíse áirithe! B’iontach an lucht féachana iad naíonáin mhóra:
Bhain rang a trí an-sult as agallaimh a scríobh i mbeirteanna inniu. Ina dhiaidh sin, chuir gach beirt na hagallaimh i láthair don rang agus rinne an rang tomhais ar cén duine cáiliúil a bhí ann. Tá an-aisteoirí agus bleachtairí againn i rang a trí, ar ndóigh!: