Tar chuig an siopa scoile gach Luan, Céadaoin agus Aoine! Tá siopadóirí den scoth againn! Shocraigh an coiste gaelbhrataí a bheith i gceannas ar an siopa scoile agus cuirtear fáilte roimh chách! Bíonn an siopa oscailte ó 8:40am – 9:00am.
Gaelbhratach
Bíonn scata ó na hardranganna ar chlós na naíonán ag spreagadh na naíonán agus ag labhairt i nGaeilge leo. Maith sibh féin:
Bhí léitheoireacht roinnte againn le Rang a 3 arís inniu. Thaitin sé go mór le Naíonáin Bheaga a bheith ag éisteacht le Rang a 3 ag léamh dóibh. Chomh maith le sin bhí siad ag cur ceisteanna ar a chéile agus ag labhairt faoi na leabhair. Tá muid ag […]
Tháinig an t-iarrscoláire Muireann Ní Bhaoill ar cuairt chuig Naíonáin Bheaga inniu. Is ceoltóir, scríbhneoir agus múinteoir ceoil í Muireann. Tá sí ag déanamh staidéar ar cheol san ollscoil chomh maith! Sheinn sí ceol traidisiúnta ar an gconsairtín dúinn. Bhí Ciara sásta rince gaelach a dhéanamh dúinn nuair a bhí […]
Tá Naíonáin Bheaga ag foghlaim faoin aimsir faoi láthair. Inniu lig muid orainn go raibh muid ar an teilifís. Féach orainn ag cur an aimsir i láthair!! Bhain muid an-spraoi as!
Tá feabhas thar na bearta tagtha ar léitheoireacht na bpáistí i mbliana. I rith Mí an Mhárta, léigh gach páiste a rogha leabhar Gaeilge agus Béarla. Ansin rinne siad léirmheas ar na leabhair a bhí léite acu. Ar Lá na Leabhar, ghléasadar suas agus labhraíodar lena chéile faoi na leabhair. […]
Bhí an-lá againn anseo i nGaelscoil Riabhach agus b’álainn an radharc na páistí a fheiceáil gléasta suas. Labhraíomar i mbeirteanna faoinár leabhair agus is dócha go bhfuilimid níos spreagtha fós ó thaobh na léitheoireachta de. Bhí sé go deas múinteoir a fheiceáil agus é gléasta suas freisin!
Bhain rang a trí agus naíonáin bheaga an-tairbhe agus an-taitneamh as seisiún léitheoireacht roinnte ar maidin. Bhí sé go hálainn iad a fheiceáil ag labhairt i nGaeilge, ag éisteacht lena chéile agus ag léiriú measa dá chéile. Bhí an comhoibriú eatarthu thar moladh beirte. Mo ghraidhin sibh!
Bhí oíche iontach ag beirt ón scoil istigh i nGaillimh ag bronnadh na gradam ón gComortas Scríobh Leabhar. Bhuaigh Chloe an comórtas ó Rang 4 agus bhailigh Leela an teastas i gcóir leabhar ranga ar son Rang 2. Bhain siad an taitneamh as an oíche a bhí lán le spraoi […]
Bhain Naíonáin Bheaga an-sult as Seachtain na Gaeilge! Ghlac siad páirt i dTráth na gCeist don chéad uair. Bhí siad iontach ag obair le chéile agus fuair gach duine duais beag ag an deireadh!