Tháinig an t-iarrscoláire Muireann Ní Bhaoill ar cuairt chuig Naíonáin Bheaga inniu. Is ceoltóir, scríbhneoir agus múinteoir ceoil í Muireann. Tá sí ag déanamh staidéar ar cheol san ollscoil chomh maith! Sheinn sí ceol traidisiúnta ar an gconsairtín dúinn. Bhí Ciara sásta rince gaelach a dhéanamh dúinn nuair a bhí Muireann ag seinm. Bhain muid an-taitneamh as!! Scríobhann Muireann amhráin i nGaeilge agus faoi láthair tá a hamhrán ‘Déan é’ le cloisteáil ar 2fm agus ar RnaG. Tá neart gradam buaite aici agus tá muid cinnte go mbeidh Muireann le cloisteáil go minic ar an raidió amach anseo!!
You may also like
Tháinig Séamus Ó Coileáin ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh ar cuairt chuig rang a trí inniu. Thug […]
Chun deireadh a chur le tréimhse ag foghlaim faoi cairdeas agus bulaíocht rinne muid roinnt drámaíocht chun chinntiú go raibh na téarmaí […]
Bhí an-lá ag rang a trí inné. Chuireamar seó tallainne i láthair agus tháinig naíonáin mhóra chugainn chun féachaint air. Fuaireamar spreagadh […]

