Bhí an-seachtain againn anseo i nGaelscoil Riabhach agus d’éirigh thar cionn le hAíonna Aibreáin i mbliana. Eagraíonn an coiste gaelbhrataí Aíonna Aibreáin gach bliain i nGaelscoil Riabhach chun an teanga a cheiliúradh agus tá sé ag dul ó neart go neart. Bíonn seans ag daltaí na scoile buaileadh le daoine suimiúla i bpobal na nGael.
Tháinig an ceoltóir, foilsitheoir agus scríbhneoir Tadhg Mac Dhonnagáin ar cuairt chugainn agus bhain rang a trí agus rang a ceathair an-tairbhe agus an-taitneamh as an gcuairt. Labhair sé faoin obair éagsúl a bhíonn ar bun aige: ag scríobh do chláracha teilifíse agus scannáin, ag scríobh leabhar, ag foilsiú leabhar agus ag cumadh ceol. Ní hamháin sin ach léigh sé a leabhar ‘Oisín’ dúinn agus labhair sé faoin bpróiséas scríbhneoireachta. Freisin, labhair sé faoina chomhlacht foilsitheoireachta Futa Fata (www.futafata.ie). Is féidir leabhair Ghaeilge éagsúla d’ard-chaighdeán a ordú ón suíomh idirlíne seo: http://www.futafata.ie. B’álainn an deis dúinn buaileadh leis:




