Bhí lá an-spórtúil againn inné ar scoil. Bhí an t-ádh linn go raibh an aimsir go hálainn. Thosaigh muid amach an lá le Zumba ar maidin ansin rinne muid 10@10. Théis am lóin beag tháinig grúpa páistí ó rang 5/6 chugainn chun Dioscó Pogo a mhúineadh dúinn. Ansin thug muid ár naghaidh síos chuig an loch le rang 2 áit ar rith míle leo. Théis am lóin mór ansin bhí íoga againn le múinteoir Maria. Tá muid thar a bheith buíoch do chuile duine a chabhraigh linn inné agus muid ag baint taitneamh as an lá iontach a bhí againn.