Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Liníochtaí ealaíonta i rang a 3

D’fhéachamar ar ghrianghraif de thithe éagsúla, neamhgnácha ar fud an domhain. Ansin, thógamar ionspioráid ón scéal ‘The House that Grew.’ Tharraingíomar ár bpictiúir féin den teach a d’fhás. Bhí go leor de na liníochtaí bunaithe ar ghnáththithe ar dtús báire ach ansin d’fhás agus d’athraigh siad. Tá torthaí ár saothar le feiceáil ar na ballaí taobh amuigh den seomra ranga anois agus táimid an-bhródúil astu. An bhfeiceann tú na patrúin ar na tithe? Tharraingíomar iad sin roimh ré chun ullmhú don liníocht é féin:

An aithníonn tú na gréasa agus na patrúin éagsúla ar na liníochtaí?
An aithníonn tú na gréasa agus na patrúin éagsúla ar na liníochtaí?

fullsizerender-2fullsizerender-1

 

Discover more from Gaelscoil Riabhach

Subscribe now to keep reading and get access to the full archive.

Continue reading