Comhghairdeas le cailíní agus buachaillí ó Rang 3 go Rang 6 a rith ar son na scoile sa Rásaíocht Tras Tíre sa Rinn Mhór an tseachtain seo. Ghlac 70 scoil páirt sa chomórtas agus d’éirigh le foireann buachaillí 5/6 dul ar aghaidh go dtí craobh an Chontae a bheidh ar […]
Brat Gníomhach
Toisc nach raibheamar in ann dul ar turas scoile i mbliana shocraigh muid turas siúlóide a dhéanamh chun aithne níos fearr a cur ar cheantar na scoile. Shiúil muid suas chun Ráth Rodaigh a fheiceáil. Tháinig M. Pól linn agus bhí go leor ar eolas aige faoin suíomh. Rinneamar tóraíocht […]
Bhaineamar an-chraic as an Lá Gníomhach i mbliana. An méid sin chraic go raibheamar ró-gnóthach griangraf a ghlacadh tar éis an chéad cúpla gníomhaíochtaí! Seo chugaibh na cinn a fuair M. Emma – go raibh maith agat a Emma! Cic píonóis, Seachain an Liathróid agus Ióga le M.Maria. Dúradh gurb […]
Bhí lá gníomhach againn i nGaelscoil Riabhach ar an Déardaoin an 3ú Meitheamh. Bhí an-spraoi agus spórt againn agus bhí gach duine thar a bheith gníomhach don lá ar fad! Bhí stáisiúin éagsúla timpeall na scoile ar nós Íoga, rásaí, iománaíocht, scipeáil, bac-chúrsa, seachain an liathróid, Zumba, sacar, treodóireacht agus […]
Is breá linn ár halla spóirt, agus is breá linn eitpheil a imirt freisin! Fuair muid bronntanas de 10 liathróid eitpheile nua ó Volleyball Ireland agus bhí muid sona sásta triail a bhaint astu den chéad uair inniu. Míle buíochas as na liathróidí!
An mhí seo táimid ag iarraidh ar theaghlaigh na scoile iarracht mhór a dhéanamh a bheith níos gníomhaí. Mar spreagadh tá dúshlán speisialta againn! Beidh duais chomórtha freisin do gach teaghlach a ghlacann páirt. Níl le déanamh ach do dhúshlán a chlárú ar an bhfoirm seo agus beidh muid i […]
Bhí an-sceitimíní ar na Naíonáin Bheaga inniu nuair a chonaiceamar cruimheanna cabáiste agus seilidí sa ghairdín. Táimid ag súil go mór le dul amach ag féachaint orthu arís go luath!
Tá go leor obair scoile ar siúl ag rang a haon sa bhaile idir ealaín agus cheol; idir Bhéarla agus Ghaeilge; idir dhrámaíocht agus mhata. Bíonn daltaí rang a haon thar a bheith gníomhach taobh istigh agus taobh amuigh:
Beidh muid ag cur damhsa nua suas anseo go rialta le gur féidir libh fanacht gníomhach agus aclaí: bainigí sult as! Clic Anseo!