Toisc nach raibheamar in ann dul ar turas scoile i mbliana shocraigh muid turas siúlóide a dhéanamh chun aithne níos fearr a cur ar cheantar na scoile. Shiúil muid suas chun Ráth Rodaigh a fheiceáil. Tháinig M. Pól linn agus bhí go leor ar eolas aige faoin suíomh. Rinneamar tóraíocht taisce agus siúlóid dúlra ar an siúlóid céanna fresin. Bhí sé go hálainn an caisleán a fheiceáil ón scoil ag an tús agus ansin an scoil a fheiceáil ón mbóthar ar an mbealach ar ais. Trí thimpist bhuail muid le M. Megan a bhí linn san earrach mar cónaíonn sí ar an mbealach 🙂
You may also like
Bhíomar comh te le cúpla lá anuas gur shocraigh muid linn lámhacán a fháil. Bhí an-craic againn idir sin agus ár amóg! […]
Bhí an-lá liteartha go deo ag rang a haon do Lá na Leabhar 2020 i nGaelscoil Riabhach. Bhí feistis chruthaitheacha á gcaitheamh […]
Fáilte chuig rang nua, seomra nua agus múinteoir nua 🙂 Cheap mé go mbeadh sé úsáideach cúpla griangraf a roinnt libh go […]
Ghlac muid páirt i gcomórtas sacair i rith na seachtaine. Bhí lá iontach ag an dá fhoireann!



















