Ghlac Naíonáin Bheaga páirt sa scipeatón an tseachtain seo chaite. Bhailigh muid thart ar €1700 le haghaidh fearas clóis nua. Bhí gach rang ag scipeáil ag amanna áirithe i rith an lae. Thaitin sé go mór le Naíonáin Bheaga foghlaim conas scipeáil. Rinne muid an-chuid chleachtadh chun fáil réidh don […]
Brat Gníomhach
Déanann Rang a hAon 10@10 go laethúil agus cabhraíonn sé go mór linn díriú isteach ar an bhfoghlaim don chuid eile den lá.
Tá páistí Rang a hAon chomh bródúil gur éirigh leo rith chomh fada le Páras mar chuid den Bhrat Gníomhach. 905km a ritheamar san iomlán! Mar cheiliúradh beag bhí croissants againn agus iad tuillte go maith acu. Bravo!
Mar chuid den obair i gcóir an brat gníomhach le déanaí thug Múinteoir Áine tasc dúinn rith go dtí an Bheirlín. Ní raibh orainn dul thar lear dár ndóigh ach rith timpeall an chlós uair amháin do gach km idir Baile Locha Riach agus Beirlín. Chríochnaigh muid ár 1,472 cuairt […]
Tá muid tar éis an-chraic a bheith againn ag foghlaim damhsa i mí Eanáir. In ionad dul ag an halla uair amháin sa seachtain rinne muid cinneadh é a dhéanamh sa seomra ranga uair nó dhó chuile lá. Mar sin bhí muid thar a bheith gníomhach ag foghlaim dhá damhsa […]
Chumamar ár gcluichí féin le déanaí. Bhaineamar an-taitneamh as an gceann seo. Bhí orainn oibriú le chéile chun focail nó litreacha a chruthú lenár gcoirp. Meastú an mbeidh tú in ann iad a oibriú amach ó na grianghraif seo thíos?
Ceannairí Clóis ó Rang a 6 ag spraoi le grúpa ó Rang a haon ag am lóin. Mhúin siad cúpla cluiche nua dóibh!