Ghlac Naíonáin Bheaga páirt sa scipeatón an tseachtain seo chaite. Bhailigh muid thart ar €1700 le haghaidh fearas clóis nua. Bhí gach rang ag scipeáil ag amanna áirithe i rith an lae. Thaitin sé go mór le Naíonáin Bheaga foghlaim conas scipeáil. Rinne muid an-chuid chleachtadh chun fáil réidh don scipeatón. Anois bíonn muid ag scipeáil go minic, ar an gclós agus sa bhaile!
You may also like
An tEarrach seo caite tháinig na healaíontóirí Fiona Coffey agus Liz McMahon chugainn chun píosa ealaíon a cruthú d’ár suíomh nua. Cruth […]
Chuir rang a trí ruachán seachtain ó shin: Tá sé go deas a bheith ag féachaint air ag fás anois!:
Déanann Rang a hAon 10@10 go laethúil agus cabhraíonn sé go mór linn díriú isteach ar an bhfoghlaim don chuid eile den […]
I mí Samhna chuaigh Rang 5 go dtí an Helix i mBaile Átha Cliath chun duais a fháil dár scannán “An Féileacáin […]


