Bhí an-lá againn inné ag glacadh páirt sa comórtas iománaíochta Corn Kyle Mhic Bhrian. Thaispeáin na páistí an-spiorad foirne agus comhimirt! Bhí scéitimíní orainn go léir nuair a tháinigh Joe Cannin g ó fhoireann na Gaillimhe chuig an mbronadh.
Brat Gníomhach
Bhí an-spraoi againn an tseachtain seo caite le haghaidh Seachtain Gníomhach. Bhí an t-ádh dearg orainn leis an aimsir álainn! Bhí an-chuid gníomhaíochtaí éagsúla eagraithe do gach rang. Bhí Naíonáin Bheaga an-ghnóthach an tseachtain ar fad. Gach maidin rinneamar Zumba. Ag a deich a chlog rinneamar 10 ag a […]
Chun deireadh cheart a cur le Seachtain Gníomhach 2018 d’eagraíodh an comórtas mór tráthnóna Dé hAoine. Is cosúil gur tradisiún anois é an cogadh mór ‘Seachain an Liathróid’ idir na múinteoirí agus Rang 6. Cé go raibh sé thar a bheith iomaíoch buí sé thar a bheith spóirtiúl agus spraoíúl […]
Comhghairdeas don fhoireann lúthchleasaíochta a ghlac páirt sa chomórtas Manning ar an Mháirt. Bhí muid go léir fliuch báite ach bhain muid an-taitneamh as!
D’éirigh go hiontach lenár bhfoireann eitpheile, Na Tíogair! Bhuaigh siad an comórtas réigiúnda Spikeball! Mar sin, don tríú uair i gceithre bliana, d’éirigh le Gaelscoil Riabhach comórtas Uile-Éireann a bhaint amach. Is éacht é sin do Ghaelscoil Riabhach, agus caighdeán fíor-ard imeartha ag na gasúir. Our Spikeball team Na Tíogair […]
Cúpla seachtain ó shin, ghlac Rang 4, 5 agus 6 páirt i gcluichí rugbaí cairdiúla. Rinne muid seisiúin traenála ar scoil chun na scileanna a fhoghlaim. Thaitin sé go mór le gach duine!
Tá an scoil ar fad ag fáil an aclaí na leathanta seo. Tá muid go léir ag glacadh páirt sa dúshlán ‘Rith Timpeall na hEorpa’. Tá gach rang ag rith an t-achar ó Gaelscoil Riabhach go príomhchathracha éagsúla san Eoraip. Bhí ar Naíonáin Bheaga 603km a rith chun Londan a […]
Ghlac Naíonáin Bheaga páirt sa scipeatón an tseachtain seo chaite. Bhailigh muid thart ar €1700 le haghaidh fearas clóis nua. Bhí gach rang ag scipeáil ag amanna áirithe i rith an lae. Thaitin sé go mór le Naíonáin Bheaga foghlaim conas scipeáil. Rinne muid an-chuid chleachtadh chun fáil réidh don […]