Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Seachtain Gníomhach 2018

 

Bhí an-spraoi againn an tseachtain seo caite le haghaidh Seachtain Gníomhach. Bhí an t-ádh dearg orainn leis an aimsir álainn! Bhí an-chuid gníomhaíochtaí éagsúla eagraithe do gach rang.

Bhí Naíonáin Bheaga an-ghnóthach an tseachtain ar fad. Gach maidin rinneamar Zumba. Ag a deich a chlog rinneamar 10 ag a 10 sa seomra ranga. Tháinig grúpa ó rang a 6 isteach ag múineadh damhsa dúinn gach lá tar éis am sosa agus ar an Aoine rinneamar go léir ‘Flash Mob’ ar an gclós. Glac an scoil go léir páirt i ‘Rith Timpeall na hEorpa’ agus bheartaíomar rith an fad go Heilsincí. Rith Naíonáin Bheaga 248km san iomlán!! Bhí céilí againn le Naíonáin Mhóra agus mhúin Múinteoir Máire Treasa cúpla damhsa nua dúinn! Ghlacamar páirt i mBac Cúrsa le Naíonáin Mhóra agus Rang a haon. Bhí an-spraoi againn le sin! Tháinig Andrea ón gclub lúthchleasaíochta isteach chun lúthchleasaíocht a dhéanamh linn.

Míle buíochas dos na daoine go léir a ghlac páirt i Seachtain Gníomhach 2018!!

%d