2010/2011
I gcuimhne ar Imelda Byrne O’Connor, a chailleadh i rith na deireadh seachtaine seo caite. Cuimhníonn muid ar a páistí Rachel, Kayla agus Daithí. Tá muid ar fad ag smaoineamh oraibh ag an am seo. Bhí Imelda mar dhuine de bhunaitheoirí Ghaelscoil Riabhach. Torraimh: Dignity, Sráid na Beairice, Baile Locha […]
Ar an Déardaoin bhí rang a 5 ag glacadh páirte sa gcomórtas “Bog Stop”. Is clár theilifíse “Quiz” é ar TG4 do dhaoine óga. Ghlac Amy, Eva, Clár, Breandán, Caoimhín agus Mylie páirt sna cluichí. Bhuaigh Eva, Breandán agus Mylie a gcluichí, mar sin bhuaigh muid 3 as 6! Rinne […]
Ar an gCéadaoin bhí lá Ceoil ag rang a 5 agus 6. Thóg a lán daoine uirlisí isteach. Bhí cláirseach (harp), boscaí ceoil, giotár leictreach agus a lán uirlisí eile ann! D’éist muid le stíleanna éagsúla ceoil agus d’fhoghlaim muid faoi na huirlisí éagsúla sa gceofhoireann (orchestra). Ag deireadh an lae bhí […]
Comhghairdeas le na himreoirí a bhí amuigh inniu in aghaidh Scoil Phádraig, Tuaim. Bhuadar le ardscór. Imreoir an chluiche: Eoin Mac Coinín. Feabhsóir is mó: Caoimhín Ó Cathain Mar gheall ar an mbua inniu tá foireann na scoile tríd go dtí Cluife Ceannais an Chontae (11 an taobh). Beidh an […]
Dhear na Naíonáin Bheaga leabhairíní bheaga le finnscéal áitiúil faoin Loch Riach. Ceist do na hardranganna: An bhfuil éinne ábalta aon mhiotas nó fhinnscéal a fháil faoin chaoi go bhfuair muid an Loch Riach?
Tháinig aoíanna ón gCumanna Luthchleas Gael ar chuairt chun na scoile inné. Labhraíodh linn mar gheall ar Fhéile na nGael a bhéas ag oscailt le paráid mhór Dé hAoine, 24 Meitheamh i mBaile Locha Riach. Beidh os cionn 88 foireann ó fud fad na tíre páirteach sna gcomórtas – cineál […]
Thóg na Naíonáin Bheaga griangraf inné d’uibheacha atá i ndiaidh oscailt sa ghairdín. Chonaic rang Múinteoir Brian féileachán sa ghairdín cupla seachtain ó shin agus caithfidh gur í a chuir na huibheacha ar an gcabáiste. Anois tá na huibheacha oscailte agus na péisteanna chabáiste ag ithe na duilleoige. Coinnígí súil […]
Rinne daoine i Rang a 6 caoineoga blasta ar an Aoine. Bhí siad déanta as uachtar reoite, sméara dubha agus úlla. Amach anseo, beidh caoineoga de bhlas difriúil gach seachtain. Bhí praghas 1 euro in aghaidh na caoineoige agus dhíol muid iad ag am lóin do na páistí ar fad, agus do na múinteoirí! Na […]