Tháinig aoíanna ón gCumanna Luthchleas Gael ar chuairt chun na scoile inné. Labhraíodh linn mar gheall ar Fhéile na nGael a bhéas ag oscailt le paráid mhór Dé hAoine, 24 Meitheamh i mBaile Locha Riach. Beidh os cionn 88 foireann ó fud fad na tíre páirteach sna gcomórtas – cineál cluifí Oilimpeacha don iománaíocht/camógaíocht le daoine óga. Bhronn siad go leor fearais spóirt ar an scoil mar bhuíochas ar an gcleachtadh atá déanta ar scoil ar scileanna iománaíochta/ liathróid láimhe.