Ghlac Rang a Cúig agus Rang a Sé páirt i gcomórtas eitpheile in aghaidh scoil Naomh Íde agus scoil Naomh Breandáin. Rinne Rang a Cúig go hiontach agus bhuaigh siad an comórtas Rang a Cúig!
Ach bhí mí-ádh ar Rang a Sé nuair a chaill siad le cúpla pointe sa cluife ceannais. Ba bheag go raibh an bua againn sa dá chomórtas.
Bhuaigh Paddy ó R5 duais speisialta “Laoch na hImeartha” – an t-imreoir is fearr sa gcomórtas Rang 5! Agus cé nach raibh an bua ag foireann Rang 6, roghnaíodh Declan mar Laoch na hImeartha sa gcomórtas Rang 6 freisin!
Tá muid ag éirí an-mhaith ag an spórt seo.
Thug muid a lán tacaíochta dá chéile, agus chuaigh muid ar fad abhaile sásta!
Rachel, R6


