Thóg na Naíonáin Bheaga griangraf inné d’uibheacha atá i ndiaidh oscailt sa ghairdín. Chonaic rang Múinteoir Brian féileachán sa ghairdín cupla seachtain ó shin agus caithfidh gur í a chuir na huibheacha ar an gcabáiste. Anois tá na huibheacha oscailte agus na péisteanna chabáiste ag ithe na duilleoige. Coinnígí súil ghéar ar an mblag le fás na péisteanna a leanúint.