Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Bog Stop

Ar an Déardaoin bhí rang a 5 ag glacadh páirte sa gcomórtas “Bog Stop”. Is clár theilifíse “Quiz” é ar TG4 do dhaoine óga. Ghlac Amy, Eva, Clár, Breandán, Caoimhín agus Mylie páirt sna cluichí.

Bhuaigh Eva, Breandán agus Mylie a gcluichí, mar sin bhuaigh muid 3 as 6! Rinne gach duine an mhaith.

Bhí muid ar fad sásta ag an deireadh. Thug TG4 bronntanas do gach duine a bhí ansin. Bhí lá iontach againn. Beidh na cláir le feiceáil ar TG4 an bhliain seo chugainn.

Clár agus Caron, R5

Discover more from Gaelscoil Riabhach

Subscribe now to keep reading and get access to the full archive.

Continue reading