Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Lá Ceoil

Ar an gCéadaoin bhí lá Ceoil ag rang a 5 agus 6. Thóg a lán daoine uirlisí isteach. Bhí cláirseach (harp), boscaí ceoil, giotár leictreach agus a lán uirlisí eile ann! D’éist muid le stíleanna éagsúla ceoil agus d’fhoghlaim muid faoi na huirlisí éagsúla sa gceofhoireann (orchestra).

Ag deireadh an lae bhí muid i ngrúpaí agus chum muid píosaí ceoil. Bhí an-spraoi againn.

%d