Beidh Rang M. Brian ag déanamh staidéir ar rudaí áitiúla sa Stair, Tíreolaíocht agus Eolaíocht an mhí seo. Neart cartaí glasa breise ar fáil do pháistí a dhéanann taighde sa mbaile nó atá in ann eolas faoi ceann de na hábhair seo a bhailiú ó chlann, comharsana nó leabhair atá acu! […]
2010/2011
Comhghairdeas leis an bhfoireann iománaíochta. D’imireadar an chéad chluiche sa chomórtas idirscoile agus bhuadar 9:15 in aghaidh 0:0 ar fhoireann Dhún Dhoighre. Cluiche aontaobhach go leor a bhí ann ach fós bhaineadar an-tairbhe as. Imreoirí an chluiche: Malachaí agus Paddy.
Dé Máirt seo chugainn beidh na Giúdaigh ag déanamh comóradh ar Phesac nó Cáisc na nGiúdach. I rith na féile sin cuimhnítear ar scéal Moses agus an tÉalú ón Éigipt. Dhear na Naíonáin pictiúir chun an scéal a insint.
An tseachtain seo chuir muid síólta chun píseanna milse a fhás. Tá súil againn go mbeidh siad ann i ndiaidh na Cásca.
Bhí Rang III/IV ag foghlaim an t-Amhrán Náisiúnta le déanaí. Chomh maith le sin, bhí Eibhlín (RIV) sásta an t-amhrán a sheint dúinn ar an mbosca ceoil! Mo cheol thú!
Tá muid tar éis a lán a dhéanamh le timpeallacht na scoile i mbliana. Tá áiteanna fiáine d’fheithidí agus mionbheithigh, chomh maith leis na crainn dúchasacha a bhí againn cheanna. Anois tá áit nua do chuile rang i gcomhair glasraí agus plandaí eile. Chuir muid roinnt síolta ar an Aoine. […]
Tháinig buachaillí Ghaelscoil Riabhach sa dara áit i gcomórtas lúthchleasaíochta Manning a bhí eagraithe ag Cumann Lúthchleasaíochta Bhaile Locha Riach ar an gCéadaoin seo caite. D’éirigh le na cailíní an cheathrú háit a bhaint amach. Ghlac deich scoil páirt sa gcomórtas agus tá muid an-bhródúil as an éacht atá […]
Bhí comórtas sacair againn i nGaillimh inniu. Bhuaigh foireann na gcailíní ceann dá gcluichí agus bhí siad an-ghar sna cinn eile. Bhuaigh foireann na mbuachaillí thar gach foireann eile ina ngrúpa ach chaill siad sa mbabhta ceathrú-cheannais 1-0. Bhí Saoirse agus Eoghan go hiontach mar na cúl báire agus d’imir gach […]
Bhí Féile Raifteirí ar siúl le déanaí agus neart imeachtaí ar siúl go háitiúil in onóir don fhile Raifteirí. Caitheann Raidió Riabhach súil siar ar an bhféile leis an bPodchraoladh seo ina bhfuil agallamh speisialta le File na Féile na bliana seo, Gabriel Rosenstock, agus neart rudaí eile! Cliceáil anseo – […]