Tá muid tar éis a lán a dhéanamh le timpeallacht na scoile i mbliana. Tá áiteanna fiáine d’fheithidí agus mionbheithigh, chomh maith leis na crainn dúchasacha a bhí againn cheanna. Anois tá áit nua do chuile rang i gcomhair glasraí agus plandaí eile. Chuir muid roinnt síolta ar an Aoine. Chuir muid prátaí, cairéid, scailliúin, leitís agus glasraí eile, chomh maith le bláthanna. Lá álainn a bhí ann. Tá muid ag súil go mór leis na plándaí a bheidh ag fás ann!
Nuair a bhí muid ann, chonaic muid féileacán mar seo. Fuair muid eolas faoi ar an ríomhaire, is Barr Buí (Orange Tip) atá ann. Tá sé luath go leor sa mbliain dóibh – is dócha go dtaitníonn ár ngairdín leis!