Beidh Rang M. Brian ag déanamh staidéir ar rudaí áitiúla sa Stair, Tíreolaíocht agus Eolaíocht an mhí seo. Neart cartaí glasa breise ar fáil do pháistí a dhéanann taighde sa mbaile nó atá in ann eolas faoi ceann de na hábhair seo a bhailiú ó chlann, comharsana nó leabhair atá acu!
Sa Stair, tá muid ag lorg eolais faoi imeachtaí stairiúla ar nós Oíche na Gaoithe Móire (1839), an Gorta Mór (1840í), Cath Eachroma (1691), nó aon rud eile a bhaineann le ceantar Bhaile Locha Riach.
Sa Tíreolaíocht, tá muid ag lorg aon phictiúir nó léarscáileanna don bhaile nó don cheantar atá ar fáil. Is féidir linn cóipeanna a dhéanamh agus comparáideanna a dhéanamh chun athruithe a thaispeáint.
Agus san Eolaíocht beidh muid ag breathnú ar na tuirbíní gaoithe in Daraidh Braoin, agus ar na bealaí gur féidir linn fuinneamh a shábháil nó a dhéanamh go háitiúil. Baineann seo lenár pleananna i dtaobh an chéad Brat Glas eile i nGaelscoil Riabhach.
Bígí ag smaoineamh mar sin faoi na bealaí gur féidir linn eolas a bhailiú faoi na hábhair seo!
3 thoughts on “Staidéar áitiúil i Rang M. Brian”
sean-eolaí no b’fhéidir an riomhaire
Fuair me amach go bhfuair 1,ooo,ooo daoine in Éirinn bás sa gorta mór!:o
Fuair me amach gur rugadh Mícheál de Búrca timpeall na bliana 1800, i mBriosc Co. na Gaillimhe. Cuireadh oideachas maith air sa Ghaeilge, Béarla, Laidin agus Gréigis. Chaith sé tamaill ina mhúinteoir in Eisir sular thug sé a aghaidh ar Mheiriceá. Fuair sé bás i Brooklyn NY, 6 Eanair 1881.
……. Oíche na Gaoithe Móire……