Rinneamar staidéar le déanaí ar ghnéithe éagsúla de na meáin cumarsáide . Féachaigí ar na samplaí de pháipéir nuachtáin a rinneamar (bunaithe ar an téama ‘Crith Talún sa tSeapáin).
2010/2011
D’fhás ár sicíní go mór ó chuireadh go Conamara iad le Múinteoir Áine. Seo chugaibh cupla ghraingraf dóibh ina dteach nua.
Tá ardmholadh tuillte ag na hiománaithe a bhí amuigh ar son na scoile inniu in aghaidh Chill Chúile. Bhí caighdeán an-ard ag an bhfoireann eile agus d’éirigh thar cionn lenár bhfoireann. Ag leath-ama bhí muid 6 chúilín gann orthu agus tharraing muid iad ar ais go comhscór agus ansin chuaigh […]
Naomh Pádraig, le Jack Rang IV Seo an lá ina bhfuil dath ghlas ar mo thaobh deis ‘s mo thaobh chlé. Bíonn seamróg á chaitheamh ag chuile duine. Paráid ar an sráid, ‘s Gaeilge i mbéal an phobail Cinnte – Lá le Pádraig atá ann! .
Beidh muid ag obair go luath ar an gcéad podchraoladh eile de chuid Raidió Riabhach. Tá fáilte roimh bhur gcuid smaointí maidir le céard a bheas mar ábhar an phodchraolta – Cárta Glas sa mbreis don chéad páiste ó Rang M. Brian a fhreagraíonn le plean maith – ach ba […]
Bhí muid ar fad ag breathnú ar an mórshiúil le haghaidh na féile. Rinne na Naíonáin Bheaga comhdháil ghréasáin le scoil i Philadelphia, Meiriceá agus ghlac Rang a 3 agus Rang a 4 páirt sa pharáid. Seo roinnt phictiúir a tharraing na Naíonáin faoin lá mór.
Bhí ár gcéad chluiche iománaíochta againn an tseachtain seo. Bhuaigh muid 5:6 in aghaidh 2:9 ar Scoil Liatroma. Beidh an chéad chluiche eile an tseachtain seo chugainn in aghaidh Scoil Chill Chúile.
Bhain muid an-taitneamh go deo as ‘Lá na Leabhar le déanaí. Bhí neart spraoi agus craic againn ar scoil! Rang III/IV
Rinne muid pancóga sa seomra ranga inniú. Bhí siad an-bhlasta. Chas cúpla duine san aer iad. Fuair gach duine píosa de cheann agus thug muid píosaí do na múinteoirí freisin. Chuir muid líomóid, nutella, mil agus síoróip orthu. Declan + Maitiú, R6
Ofráil speisialta – cárta glas sa mbreis don chéad páiste i Rang M. Brian a dhéanann nóta tagartha (response) don teachtaireacht seo i bhfoirm Haikú bunaithe ar cheann de na hábhair seo – an turas scoile R6, an Scipeatón, Lá na Leabhar, Seachtain na Gaeilge, nó Féile Raiftéirí. Ná déanaigí dearmad, […]