Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Iománaíocht

Tá ardmholadh tuillte ag na hiománaithe a bhí amuigh ar son na scoile inniu in aghaidh Chill Chúile. Bhí caighdeán an-ard ag an bhfoireann eile agus d’éirigh thar cionn lenár bhfoireann. Ag leath-ama bhí muid 6 chúilín gann orthu agus tharraing muid iad ar ais go comhscór agus ansin chuaigh muid chun tosaigh orthu.  Le dhá nóiméad le dul bhí cúilín amháin eadrainn agus thógamar an sliotar go béal a gcúl cupla uair. Ag deireadh thiar thall cé go raibh tromlach na seilbhe againn chríochnaíomar dhá chúilín gann. An-cluife go deo. An chéad chluife eile an tseachtain seo chugainn in aghaidh S.N. Tíne. Go n-éirí linn.

%d bloggers like this: