Ofráil speisialta – cárta glas sa mbreis don chéad páiste i Rang M. Brian a dhéanann nóta tagartha (response) don teachtaireacht seo i bhfoirm Haikú bunaithe ar cheann de na hábhair seo – an turas scoile R6, an Scipeatón, Lá na Leabhar, Seachtain na Gaeilge, nó Féile Raiftéirí.
Ná déanaigí dearmad, is dán sa dtraidisiún Seapánach é Haikú, ina bhfuil 5 shiolla sa gcéad líne, 7 siolla sa dara líne agus 5 cinn arís sa líne deireanach.
Beidh cártaí glasa breise ar fáil go minic amach anseo ar an mblag, bígí ag faire amach!
4 thoughts on “Cárta Glas ar fáil do Rang M. Brian!”
Dhúisigh me ag 6
Turas deas a bhí againn
Chuaigh rang a sé.
Ar lá na leabhar
Ghléas chuile dhuine suas
Bhí sé go h-an mhaith
Scipeatán ar siúl,
Bhí gach duine ag scipeál,
Bhí tuirse orainn.
🙂 🙂 😉 🙂 🙂 🙂 😀 😀 😀
malachaí
háhá bhuaigh mé ní raibh aon duine eile ann 🙂
Raiftéirí le ceol,
Suas agus síos ag scipeáil,
Na leabhar ar fad!