leabhrán eolais 2012 Chun an leabhrán eolais a léamh cliceáil ar an nasc thuas. To view the school’s Information booklet click on the link above.
2010/2011
Ar mhaith leat páirt a ghlacadh i gcomórtas eitpheile ar scoil an tseachtain seo chugainn? Oscailte do pháistí R 5 agus 6. Chun páirt a ghlacadh, cliceáil ar an nasc chun “Response” (nóta tagartha) a fhágáil. Beidh ceithre fhoireann, seisear in aghaidh na foirne, mar sin níl spás ach don […]
Chuamar go dtí Caisleán Bhun Raithe agus Craggaunowen (Creagán Eoghain) le déanaí ar ár dturas scoile. Tháinig M. Dora in éineacht linn! Bhaineamar sár-thaitneamh as an lá speisialta seo! Buíochas le Dia, bhí an aimsir go breá – tirim agus te! Seo sampla den ealaín a rinneamar sa rang:
Bhí Lá Ealaíne againn inné – Ealaín ar feadh an lae! Ar maidin bhí muid ag priontáil. Tar éis sin bhí muid ag breathnú ar phictiúir de chuid Paul Klee, ealaíontóir ón nGearmáin. Bhí sé an-suimiúil, agus rinne muid ár bpictiúir féin bunaithe orthu. Ag an deireadh rinne muid cupáin […]
Bhí muid ag cniotáil gach seachtain ó mhí Feabhra ar aghaidh. Thaitin sé go mór linn agus d’éirigh muid an-mhaith aige. Seo cúpla sampla d’ár gcuid oibre.
Bhí na Naíonáin ag léamh scéalta – tá siad ar fad le cloisteáil ar an leathanach “Páistí”. The Infants have been reading stories, you can listen to them on the “Páistí” page.
Chuamar go dtí an leabharlann inniu toisc go raibh an Féile Scéalaíochta ar siúil. Tá an Féile seo á chéiliúradh i mBaile Locha Riach, i mBéal Atha na Slua agus i gCathair Hudson sna Stáit Aontaithe. Bhaineamar sár-taitneamh as na scéalta uilig! Chomh maith le sin, fuaireamar deis roinnt scéalta […]
Bhí lá ceoil againn an tseachtain seo caite. Rinne muid suas píosaí ceoil i ngrúpaí agus beidh muid ag baint úsáide astu i Seó Puipéid do na Naíonáin ag deireadh na bliana. Seo sampla den cheol a chum muid ar phodchraoladh – céard a cheapann sibh? [media id=8 height=20]
Rinneamar staidéar ar shaol Pablo Picasso le déanaí, ceann de na healaíntóirí is cáiliúla ón Spáinn. Níl dabht ar bith ach go raibh bua na healaíne ar an bhfear sin! Bhaineamar féin triail as shárshaothar a dhéanamh – ag baint úsáid as stíl Phicasso.