D’fhoghlaim rang a haon faoi phrionta inár gceachtanna ealaíne le déanaí agus d’éirigh thar cionn leis an rang:
2019/2020
Chruthaigh rang a haon cláracha aislingí mar chuid de Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) agus Ealaín. Rinne gach páiste machnamh ar an todhchaí le fáil amach cad é mian á c(h)roí. Labhraíomar faoi seo i ngrúpaí; ansin ghearramar pictiúir amach as irisleabhair agus tharraingaíomar ár aislingí dúinn féin: […]
Bíonn ‘Am Ciorcail’ againn gach seachtain i rang a haon. Is cuid de Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) é. Bíonn seans ag gach duine labhairt agus féachann gach duine eile orthu agus éisteann siad leo. Tháinig an-fheabhas ar ár scileanna éisteachta i gcaitheamh na bliana. De ghnáth, bíonn sé […]
Bhí siopa babhtála againn i rang a haon. Thóg páistí sa rang bréagáin, leabhair agus earraí eile isteach a bhí fós ar ardchaighdeán ach nach raibh uathu a thuilleadh. Bhí go leor foghlama ag baint leis seo. D’fhoghlaimíomar gur féidir earraí deasa a ath-úsáid. D’fhoghlaíomar conas airgead a chomhaireamh agus […]
Bíonn ceacht drámaíochta againn i rang a haon gach seachtain agus is rang thar a bheith ealíonta muid. Chruthaíomar caracthair i ngrúpaí. ‘Ról ar an mballa’ an t-ainm atá air seo. Tharraingíomar ár gcarachtair agus scríobhamar gach rud faoina bpearsantachtaí thart timpeall ar na pictiúir. Ansin, labhraíomar leis an rang […]
Bíonn rang a haon ag súgradh gach maidin. Is seans álainn é comhoibriú lena chéile agus neamhspleáchas a bheith againn:
Bhí an-lá liteartha go deo ag rang a haon do Lá na Leabhar 2020 i nGaelscoil Riabhach. Bhí feistis chruthaitheacha á gcaitheamh ag na páistí spreagtha ó na leabhair is ansa leo: Léamar ár leabhair: Ansin, scríobhamar faoi ár leabhair agus na carachtair iontu:
Beidh muid ag cur damhsa nua suas anseo go rialta le gur féidir libh fanacht gníomhach agus aclaí: bainigí sult as! Clic Anseo!
Tá Rang a Cúig ag obair ar thuairiscí leabhair le linn an dúnadh scoile. Más mian le daltaí ó rang ar bith eile léirmheas faoi leabhair atá á léamh acu cuirfimid suas cuid acu anseo. Seol iad chuig pol@gaelscoilriabhach.ie Rang a Cúig are working on book reports on English and […]