Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Drámaíocht i rang a haon

Bíonn ceacht drámaíochta againn i rang a haon gach seachtain agus is rang thar a bheith ealíonta muid. Chruthaíomar caracthair i ngrúpaí. ‘Ról ar an mballa’ an t-ainm atá air seo. Tharraingíomar ár gcarachtair agus scríobhamar gach rud faoina bpearsantachtaí thart timpeall ar na pictiúir. Ansin, labhraíomar leis an rang faoi na carachtair:

Ina dhiaidh sin, chuireamar radharcanna beaga le chéile bunaithe ar na carachtair. Is breá linn an cruthaitheacht agus an saoirse intinne a bhaineann le drámaíocht:

%d