An lá sular dúnadh na scoileanna bhí deis álainn againn dul chuig seó spéisiúl ab ainm ‘Sruth na Teanga’. Bhí an seó ar fheabhas agus bhaineamar an taitneamh as. Fuair muid teachtaireacht álainn ó ceann de na haisteoirí ag rá gurb iad páistí Gaelscoil Riabhach na páistí is béasaí agus is deise a bhí acu go dtí sin. Maith sibh páistí Rang 2 agus an scoil uilig. Nach álainn an pictiúr í seo don rang ar fad le chéile agus ar bís roimh dul isteach 😀
You may also like
Bhailigh grúpa ‘Na Gaeilgeoirí’ os cionn €1000 le haghaidh Cumann Ailse na hÉireann.
Bhuel nach iad seo na fir sneachta is galánta a bhfaca tú ariamh 😀
Bhí an spraoi againn le fabraic i mí Eanáir agus Feabhra. Sa cheacht seo bhí muid saor chun píosaí fabraic a phiocadh […]
An seachtain seo bhí muid ag féachaint ar obair an ealaíontóir Vaselery a d’oibhrigh le cruthanna agus dathanna. Seo cuid dá ealaíon. […]
