Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Peannaireacht shnasta i rang a haon

D’oibríomar an-chrua ar ár gcuid peannaireachta i rang a haon agus táimid thar a bheith bródúil as anois. Don taispeántas seo, mheascamar péinteanna chun cúlraí deasa a chruthú, ansin phéinteálamar litir an duine i bpéint dhubh.

Ina dhiaidh sin, scríobhamar ar fad ceann de na nathanna cainte Gaeilge a d’fhoghlaimíomar i rang a haon, agus tharraingíomar pictiúir le dul leo. Is breá linn tabhairt faoin scríbhneoireacht cheangailte agus rachaimid ó neart go neart leis. 

We have been working very hard on our handwriting in first class and we are very proud of the results of our hard work. We mixed paints to get nice backgrounds for our display; then we each painted an upper case and lower case letter in black paint over the colourful backgrounds.

Afterwards, we all wrote one of the Irish expressions we learned in first class, and drew pictures to go with them. We love joined handwriting and our handwriting will continue to go from strength to strength.

 

 

%d