Bíonn ‘Am Ciorcail’ againn gach seachtain i rang a haon. Is cuid de Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) é. Bíonn seans ag gach duine labhairt agus féachann gach duine eile orthu agus éisteann siad leo. Tháinig an-fheabhas ar ár scileanna éisteachta i gcaitheamh na bliana. De ghnáth, bíonn sé ar siúl againn i gciorcal mór amháin. Bhaineamar triail as i gciorcail bheaga le déanaí agus b’fhearr le tromlach an ranga mar sin é:
‘Anáil an beatha an t-athrú.’




2 thoughts on “Am Ciorcail i rang a haon”
BA mhaith liom a bheith le mo chairde, ó Oisín
Tuigim duit, a Oisín. Déarfainn gur mhaith le do chairde a bheith leatsa freisin! Idir an dá linn, bain taitneamh as do chlann, do mhadra agus an campáil atá ar siúl agat!
Múinteoir Maria
x