D’éirigh le dhá fhoireann ó Ghaelscoil Riabhach Craobh na hÉireann a shroiceann an tseachtain seo caite – ócáid stairiúil don scoil! Bhí an caighdeán fíor-ard ach d’imir an dá fhoireann go hiontach agus d’éirigh le foireann amháin an cluiche ceathrú ceannais a shroiceann! Is iontach an rud ė go raibh […]
Yearly Archives: 2026
D’úsáid na páistí i rang a 5 a gcuid scileanna matamaitice le déanaí chun achar áiteanna difriúla an chlóis a thomas.
Cruthaíodh ulóga i rang a 5 ar na mallaibh. Rinne siad éacht iontach. Thaispeáin siad smaointe is modhanna iontacha a chuireadh ionadh ort! D’úsáid siad scileanna fiontraíochta don cheacht ar fad ⁊ ba chóir dóibh a bheith bródúil astu fhéin!
Bhí lá iontach inniu ag ár bhfoirne fichille, Na Ridirí agus Na Ridirí Óga! Ghlac muid páirt i gcomórtas fichille i nGaelscoil de hÍde le thart ar 150 imreoirí óga eile ó scoileanna timpeall an chontae. D’imir gach duine 6 chluiche agus d’éirigh ho hiontach le gach duine!
Ghlac muid páirt i mbliotsa eile eitpheile inné agus d’éirigh thar cionn linn – tá dhá fhoireann ó Ghaelscoil Riabhach anois cáilithe do chraobhchomórtas na hÉireann an tseachtain seo chugainn, don chéad uair riamh! We took part in another volleyball blitz yesterday and our teams did brilliantly – both teams […]
Féach ar an ealaíon álainn seo atá seolta chuig an Comórtas Ealaíona Páistí Texaco. Go neirí go geal libh uilig!
Bhí lá iontach againn in Ollscoil na Gaillimhe le déanaí ag an gcomórtas eitpheile réigiúnda! D’fhoghlaim muid a lán agus tá muid ag súil le lá amach eile go luath!
Chruthaigh na páistí ciorcaid ar na mallaibh nuair a bhí siad ag fiosrú an chaoi a n-oibríonn na cadhnraí, sreanga agus bolgán le chéile. D’éirigh go hiontach leo agus fuair siad neart bealaí amach chun na ciorcaid a gcruthú gan na gnáth-uirlisí!
Rinne na páistí féinphortráidí le déanaí don chóisir Imbolc agus d’éirigh go hiontach leo leis an ealaín siúd! D’úsáid siad an stíl chlódóireacht chun iad a gcruthú agus b’éacht a n-iarrachtaí ar fad!