Yearly Archives: 2026
Deacair creidiúnt go bhfuil mí iomlán déanta againn i Rang Múinteoir Eilís. Tá muid ag socrú isteach go maith le chéile, ag foghlaim agus ag paint taitneanh as a bheith ar scoil le chéile 😀
Tháinig foirne ó Scoil Uí Cheithearnaigh, Béal Átha na Sluaighe chun cliuchí a imirt linn ár pháirc na scoile an tseachtain seo. D’éirigh thar cionn linn agus bhain ‘chuile dhuine taitneamh as an lá.
Tá rang a 4 agus a 5 ag foghlaim cén chaoi ficheall a imirt. Is cluiche iontach é ach an rud is fearr faoi ná foghlaim cén chaoi meas a léiriú le chéile agus cén chaoi buachaint agus cailliúint a láimhseáil i gceart.
Bhain Rang a Sé an taitneamh as dhá oíche i Leitir Mealláin sa Ghaeltacht. Bhíomar in éineacht le dhá scoil eile agus ghlacamar páirt i réimse leathan gníomhaíochtaí, idir spóirt uisce, cluichí, damhsa agus gníomhaíochtaí ar an trá. Bhí an spraoi againn agus bhí sé iontach na páistí a fheiceáil […]
Ghlac Rang a Trí ⁊ Rang a Ceathair páirt i mblitzchomórtas sacair inniu i mBaile Átha an Rí in aghaidh na Gaelscoileanna eile sa cheantar. Bhí an-spraoi againn! Bhuaigh foireann na gcailíní cluiche amháin 4:0!