Thug ár n-airíoch scoile, Gabriel, cuairt ar an stiúideo ealaíne ina cruthaíodh an dealbh os comhair na gaelscoile. Sheol sé grianghraif chugainn de.
Yearly Archives: 2026
Eagraíodh léig eitpheile agus tháinig an laoch spóirt Mick Galwey ar cuairt chun na boinn a bhronnadh. Is gaol dalta i Rang a 5 é agus labhair sé leis na hardranganna faoina éispéiris saoil sa spóirt agus na ceachtanna atá foghlama aige faoi mheas, obair foirne agus teacht aniar sa […]
Le déanai, d’fhoghlaim muid faoin mbithéagsúlacht atá mórthimpeall orainn. Bhí na páistí ag foghlaim faoi feithidí is ainmhithe ar na gaobhair sa scoil s’againne. Mar sin, chruthaigh na páistí a n-ainmhithe fhéin le cairtchlár, páipéar, adhmaidh agus neart rudaí eile.
Le déanaí, ghlac na buachaillí i nGaelscoil Riabhach páirte i gCumann na mBunscoil. Cé nár éirigh leo bogadh ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile, rinne siad uilig a seacht ndícheall agus ba chóir dóibh a bheith bródúil astu fhéin!
Bhíomar comh te le cúpla lá anuas gur shocraigh muid linn lámhacán a fháil. Bhí an-craic againn idir sin agus ár amóg! Chríochnaigh muid suas le uachtar reoite – lá den scoth!
Le linn Seachtain Bhithéagsúlachta 2026 chabhraigh na daltaí le Bioblitz Bhaile Locha Riach. Ar thalamh na scoile aimsíodh níos mó ná 100 spéisis suimiúla. Níl ins an méid sin ach tús. Seiceáil amach an aip inaturalist chun torthaí a fheiceáil.
Bíonn go leor spraoi againn inár sheomra ach bíonn sprioc nó dúshlán I gceist I gcónaí fresin. Le déanaí tá muid ag obair ar teanga agus cumarsáid, scileanna sóisialta, scileanna mionlúáil agus mórluáil. Comh maith le sin bíonn scileanna saoil agus gnáth ábhair gaeilge agus mata dár ndóigh!