Féach ar an ealaíon álainn seo atá seolta chuig an Comórtas Ealaíona Páistí Texaco. Go neirí go geal libh uilig!
Monthly Archives: February 2026
Bhí lá iontach againn in Ollscoil na Gaillimhe le déanaí ag an gcomórtas eitpheile réigiúnda! D’fhoghlaim muid a lán agus tá muid ag súil le lá amach eile go luath!
Chruthaigh na páistí ciorcaid ar na mallaibh nuair a bhí siad ag fiosrú an chaoi a n-oibríonn na cadhnraí, sreanga agus bolgán le chéile. D’éirigh go hiontach leo agus fuair siad neart bealaí amach chun na ciorcaid a gcruthú gan na gnáth-uirlisí!
Rinne na páistí féinphortráidí le déanaí don chóisir Imbolc agus d’éirigh go hiontach leo leis an ealaín siúd! D’úsáid siad an stíl chlódóireacht chun iad a gcruthú agus b’éacht a n-iarrachtaí ar fad!
Míle buíochas do Choiste na dTuistí as an gcóisir Imbolc a eagrú… beagnach €2000 bailithe don scoil!
Thug Rang Mhúinteoir Joe cuairt ar mhuileann áitiúil ar Mháirt na bPancóg/ Máirt na hInide agus iad ag foghlaim faoi chruithneach go plúr agus coirce go leite.
D’fhèadfadh bia nua a bheith deacair do páistí le uathachas. Bhí rang Eilís an cróga inniu ag leagadh lámha ar nó fiú ag blaiseadh torthaí éagsúla agus pancóga. Maith sibh uilig!
Laethanta deasa I Rang Múinteoir Eilís agus muid ag réiteach do lá cairdeas agus Lá Fhéile comh maith. Bíonn napáistí an mhór lena chéile na laethanta seo agus ag paint taitneamh as bheith le chéile agus leis an scoil uilig.
Cruthaigh na páistí i rang a 5 cúpla ciorcad le déanaí. Chonaic siad an nasc atá idir an cadhnra, an solas ⁊ an ‘seoltóir’ (na línte déanta leis an bpeann luaidhe). Rinne siad sár jab leo.