Tar éis scileanna bunúsacha a fhoghlaim ar an bhfeadóg stáin bhímid ar bís (ach neirbhíseach) as ucht ár seans chun ceolchoirm beag a chur ar siúl do Rang 5&6.
Monthly Archives: April 2019
D’fhoghlaimid go leor le déanaí maidir le pailneoirí agus an tábhacht a bhaineann leo d’ár dúlra agus d’ár saol. D’oibrigh muid le chéile chun póstaer a cruthú le chéile do chomórtas Bailta Slachtmara Baile Locha Riach. Tá muid thar a bheith bródúil as.
Le roinnt seachtain anuas tá muid ag foghlaim scileanna bunúsacha fúáil. Ansin rinneamar píosa deas lena cinnlitreacha d’ár ainmneacha. Mar dúshlán ansin d’oibrigh muid le chéile chun focail éagsúla a dhéanamh lena litreacha – an chraic! Agus roinnt focail i nGaeilge fresin 🙂
Bhí Aoí Aibreáin álainn agus suimiúil i nGaelscoil Riabhach inniu. Tháinig eagarthóir BLOC ar TG4, Caroline Ní Dhubhchoin, ar cuairt chugainn mar chuid d’Aíonna Aibreáin. Tá go leor taithí ag Caroline. Bhí sé an-shuimiúil foghlaim faoina post reatha, a cuid taithí aisteoireachta agus na poist éagsúla a thug sí faoi. […]
Ba mhór an phribhléid í do rang a haon nuair a tháinig an cumadóir agus an ceoltóir, Máire Ní Dhuibhir, ar cuairt chugainn inné mar chuid d’Aíonna Aibreáin 2019. Bhain na daltaí an-taitneamh as an gcuairt. D’fhoghlaim siad dhá amhrán nua agus chuir siad go leor ceisteanna ar Mháire faoina […]
Cabhraíonn páistí ó rang a 5 agus a 6 le páistí naíonáin mhóra cluichí agus imeachtaí spórt a imirt ag am lóin!
Bhí slua mór millteach in Óstán Bhóthar na Trá ar maidin do shearmanas Scríobh Leabhar 2019. Ghlac naíonáin mhóra, rang a haon, rang a dó, rang a trí, rang a ceathair, rang a cúig agus rang a sé páirt i mbliana! Bhí ard-chaighdeán scríbhneoireachta le léamh ar fud na scoile […]
D’fhoghlaim rang a haon go leor faoi am le déanaí. Ansin, bhí an-am againn ag cruthú ár gclog mór millteach féin! Ar dtús báire, chuireamar an clog le chéile: Chabhraigh téad scipeála linn lámha an chloig a chothú!: Bhíomar in ann ár gcoirp a úsáid mar lámha an chloig freisin, […]
D’fhoglaim rang a haon faoi thábhacht na mbeacha don timpeallacht, don bhia agus do na bláthanna. Ligeamar orainn gur pónairí, piorraí, bláthanna nó beacha muid agus thuigeamar pailniú níos fearr dá bharr: Ansin, tharraingíomar pictiúir faoi phailniú i ngrúpaí. Tá an-dúil againn san obair ghrúpa: Ina dhiaidh sin, chuireamar ár […]