Agus muid ag déanamh staidéar ar an tSean Éigipt shocraigh muid togra beag a dhéanamh don Seachtain Innealtóireachta. Is ceann de na éachta is mó ar domhain iad na pirimidí – rinne muid ár cinn féin as roinnt bréagáin eagsúla. D’fhoghlaimid cé comh deacair agus atá sé!
Monthly Archives: March 2019
D’fhoghlaimid faoi teas i Rang 2 le déanaí. Bhain muid úsáid as spúnóga dhifriúla chun fáil amach cén cinn iad seoltóirí teasa agus céard iad inslitheoirí teasa. Phléimid na fáthanna a mbíonn seoltóirí ag teastáil agus cathain a mbíonn inslitheoirí uainn.
Ghlac Rang 2 agus Naíonáin Mhóra páirt sa togra ‘Scríobh leabhair’ i mbliana. Thapaigh muid an deis ar lá na leabhair chun ár scéalta a roinnt le chéile. Chuaigh rang a dó síos staighre chun cuairt ar Rang M. Carol. Fuaireamar an fáilte agus bhain gach duine an-taitneamh as ucht […]
Bhí Lá na Leabhar den scoth againn i mbliana! Ar dtús tháinig na páistí ó Rang 5 & 6 ar cuairt chugainn agus rinne muid léitheoireacht roinnte leo. Léigh Naíonáin Bheaga dóibh agus ansin léigh siad scéalta dúinn. Ansin chuaigh muid suas staighre go dtí an leabharlann nua. Thug gach […]
Rinne na páistí cultacha iontacha déanta as rudaí athchúrsáilte sa bhaile. Thug siad isteach iad ar an Aoine agus bhí seó faisin againn leis an scoil ar fad sa halla! Nach bhfuil siad ag breathnú go hálainn!
Ghlac Naíonáin Bheaga páirt sa scipeatón le déanaí. Bhí gach rang ag scipeáil ag amanna áirithe i rith an lae. Chaith muid cúpla seachtain roimh ré ag foghlaim conas scipeáil agus thaitin sé go mór linn. Anois bíonn muid ag scipeáil go minic, ar an gclós agus sa bhaile! Is […]