Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Lá na Leabhar 2019

Bhí Lá na Leabhar den scoth againn i mbliana! Ar dtús tháinig na páistí ó Rang 5 & 6 ar cuairt chugainn agus rinne muid léitheoireacht roinnte leo. Léigh Naíonáin Bheaga dóibh agus ansin léigh siad scéalta dúinn.

Ansin chuaigh muid suas staighre go dtí an leabharlann nua. Thug gach páiste leabhar amháin isteach don leabharlann. Ansin fuair muid cártaí leabharlainne nua. Beidh muid in ann iad seo a úsáid chun leabhair a thógáil amach ón leabharlann.

Léigh Múinteoir Fiona scéal dúinn sa leabharlann nua!!

%d