Monthly Archives: March 2019
Ghlac ár bhfoireann eitpheile páirt i gCraobhchomórtas Eitpheile (Spikeball) na hÉireann in Ollscoil Luimnigh le déanaí. Seo é an tríú bliain as a chéile d’ár scoil an staid seo a bhaint amach, agus is éacht dochreidte é sin! D’imir an fhoireann go hiontach ar an lá in aghaidh scoth na […]
Bhí muid an-tógtha leis an ceird seo ó Mheicsiceó. Chaith muid beagnach an lá ar fad ag obair air go chiúin agus tá muid thar a bheith bródúil astu!
Tá muid ag tabhair faoi fabraic agus snáithín faoi láthair i Rang 2. Thosaigh muid le cúpla snaidhm tábhachtach a cleachtadh… Ansin d’úsáid muid na snaidhm sin chun bronntanas beag a dhéanamh don deireadh seachtain seo chugainn ach shhh! Ná habair tada 😉
Bhí an-lá go deo againn i rang a haon i nGaelscoil Riabhach nuair a bhí an seó faisin ar siúl! Nach ealaíonta agus álainn iad na héadaí a cruthaíodh as dramhaíl!
D’éirigh an-mhaith leis an siopa babhtála i rang a haon i mbliana. Míle buíochas leis na tuimitheoirí a sheol isteach go leor rudaí a díoladh sa siopa. Chuaigh gach páiste abhaile le rud éigin nua dóibh an lá sin agus ní raibh ar aon duine rud ar bith a cheannach […]
Is breá linn drámaíocht i rang a haon. Ar ndóigh, ní bhíonn an drámaíocht ar fad ar an stáitse! Chumamar carachtair le chéile i ngrúpaí beaga. Thugamar ainmneacha dár gcarachtair agus bhí sé suimiúil na tréithe ar fad a roghnú agus a scríobh thart timpeall orthu freisin. Táimid thar moladh […]
Mar chuid d’Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS), chuir rang a haon a gcláracha aislingí pearsanta féin le chéile. Bhí an-am againn ag roghnú pictiúir as irisleabhair, ag machnamh, ag tarraingt agus á gcur le chéile. B’fhéidir gur chabhraigh siad linn aithne níos fearr a chur orainn féin chomh maith! […]
Bhí cruinniú mór in Ollscoil na Gaillimhe an tseachtain seo caite faoi todhchaí na ríomheolaíochta mar ábhar scoile. Iarradh orainne dul isteach agus samplaí dár gcuid oibre a thaispeáint! B’onóir mhór í seo do Ghaelscoil Riabhach, an t-aon bhunscoile a ghlac páirt. Chas muid le daoine iontacha ar nós an […]
Bhí ceithre scuaid ón nGaelscoil ag glacadh páirte sa chómórtas réigiúnda eitpheile in Ollscoil na Gaillimhe le déanaí. D’éirigh go hiontach leo ar fad agus bhain na himreoirí ar fad an-sult as an lá. Agus, don cheathrú huair i 5 bliana, d’éirigh le ceann dár gcuid foirne dul tríd go […]